MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    David Copperfield mar shaothar Gaeilge - Staidéar ar ghnéithe d’aistriúchán Sheáin Uí Ruadháin


    Ní Mhaonaigh, Tracey (2002) David Copperfield mar shaothar Gaeilge - Staidéar ar ghnéithe d’aistriúchán Sheáin Uí Ruadháin. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (6MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Cuireadh tús le scéim aistriúcháin an Ghúim le comórtas a fograíodh go náisiúnta sa bhliain 1928. Is é a bhi mar aidhm leis an scéim seo an t-easnamh in ábhar léitheoireachta na Gaeilge a lionadh. Roinn Seán Ó Ruadháin agus Micheál Ó Siochfhradha céad ait an chomórtais, agus thug siad faoi Wild Sports o f the West agus Monarch the Big Bear le haistriú. Le linn na dtríochaidí foilsíodh níos mó ná 250 aistriúchán ó theangacha éagsúla - an Béarla ach go háirithe. Agus ón uair a cuireadh tús leis an nGúm i 1926 go 1999 foilsíodh thart ar 590 aistriúchán (nach téacsleabhair iad).1 Tharraing an scéim seo cuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge chuici féin, ina mease Máirtín Ó Cadhain [Saile Chaomhánach], Séamus O Grianna (Máire) [Faoi Chrann Smóla, Caiftín Blood, srl.], Seosamh Mac Grianna [Ben Hur, Ivanhoe, srl.], Seán Mac Maoláin [Imtheacht an Iolair, Scéal Fá Dhá Chathair, srl.], Niall Ó Dónaill [Mac Rí na hÉireann, Roibeart Emmet, srl.], ach má tharraing féin ni raibh sí gan lucht a cáinte. Bhí tuairimí ann go raibh an iomarca béime á cur ar na haistriúcháin, go raibh scríbhneoirí na Gaeilge ag aistriú in ionad a bheith i mbun a saothar féin. Argóint eile a bhí ann ná nárbh fhiú na saothair a aistriú go Gaeilge sa mhéid is go raibh an chuid is mó díobh aistrithe ón mBéarla, agus go raibh fáil orthu sa teanga inar scríobhadh iad dá mba rud é gur theastaigh ó dhaoine iad a léamh.

    Item Type: Thesis (Masters)
    Keywords: David Copperfield; Sheáin Uí Ruadháin;
    Academic Unit: Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 5197
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 17 Jul 2014 13:21
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads