MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    An léann ceilteach san ostair


    Stifter, David (2013) An léann ceilteach san ostair. Leachtai Cholm Cille, XLIII. pp. 154-174. ISSN 07918658

    [img]
    Preview
    Download (89kB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Tá difríocht shuntasach amháin ann idir an Léann Ceilteach sa Ghearmáin – tír lenar bhain líon sonrach de scoláirí iomráiteacha Ceiltise ón naoú haois déag anuas – agus san Ostair: níor bhain oiread agus scoláire iomráiteach Ceiltise leis an Ostair go dtí le dhá ghlúin anuas.1 Dealraíonn sé nach bhfuil ach aon eisceacht amháin ón méid seo: Julius Pokorny, ach is féidir Pokorny a chomhaireamh i measc scoláirí na Gearmáine agus ní i measc scoláirí na hOstaire. Is ar éigean a deir Seán Ó Lúing, mar shampla, aon fhocal faoin Ostair agus faoi scoláirí na hOstaire ina leabhar faoin Léann Ceilteach san Eoraip.2 Toisc nach ndearnadh tuairisc uileghabhálach ar imeachtaí an Léinn Cheiltigh san Ostair roimhe seo, is feiliúnach an rud é, ar an gcéad dul síos, cnuasach cuimsitheach de scoláirí Ostaracha a raibh nó a bhfuil suim acu i ngnéithe den Léann Ceilteach a chur i láthair. Is fearr focail tosaigh a rá fúthusan, agus is fearr stair an Léinn Cheiltigh san Ostair ina hiomláine a chur i láthair agus na bealaí difriúla a ndeachaigh an Léann Ceilteach a thaispeáint, seachas mionchuntas a thabhairt ar dhaoine ar leith. I ndeireadh an ailt, bainfear triail as léargas a thabhairt ar threonna an Léinn Cheiltigh san Ostair. Táthar ag súil go soláthróidh an suirbhé seo pointe tosaigh do shainscrúduithe ar scoláirí ar leith amach anseo.

    Item Type: Article
    Keywords: ceilteach; ostair;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Early Irish (Sean Ghaeilge)
    Item ID: 7789
    Depositing User: Prof. David Stifter
    Date Deposited: 20 Jan 2017 10:17
    Journal or Publication Title: Leachtai Cholm Cille
    Publisher: An Sagart, Maigh Nuad
    Refereed: Yes
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads